Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “An Tiarna Talún”
  4. XML “An Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear darb ainm Mathghamhna an tíghearn talmhan sa gceanntar so roinnt dá bliain deug ó shoin.
    Ní raibh sé ró-cruaidh ar na daoine chun an ciosa d'fhaghail.
    Cuireadh duine darb ainm Miceal Ó Shúileabháin as seilbh sa gceanntar so, mar ní raibh sé abálta a cuid cíos do dhíol.
    Bhí dhá feirm aige.
    Do bhí sé féin 'na cómhnuidhe in aon feirm agus bhí alán daoine na gcómhnuidhe sa feirm eile ag obair leis.
    Do baineadh a chuid talmhan de agus b'éigean do fein téicheadh as a thig leis.
    Do roineadh a chuid talmhan idir na daoine san áit agus cuaidh sé féin go Cill-Orglan.
    Luíghseach Ní Chonnmhaighe
    Dúca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tíghearna Fionn Trága an tighearna Talmhan a bhí im' cheanntar fadó.
    Bhí an talamh le tamall aige.
    Níor cuireadh aon duine as seilbh riamh sa ceanntar so.
    Do dhíol an tíghearna a chuid talamh do's na Bórd na gCeanntar gCumhang.
    Bhí an talamh ag tígearna Fionn Trágha i gcómhnuidhe agus is fé na stiúrú san do roinneadh an talamh na feirmeachaibh.
    Caitlín Ní Seógh.
    Screathan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Seógh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Screathan, Co. Chiarraí