Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Saghas Tithe a Bhíodh ag na Daoinibh i mBunán Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "phaveáil" (=pábháil) le clocha beaga agus chonnaiceas an saghas de úrlár go minic sa pharóiste.
    Uaireanta chodaileadh na daoine sa chistin acht sa seomra beag bhíodh na seandaoine agus na páistí beaga de ghnáth agus suas sa lochta bhíodh leabthacha ar an gcliath le haghaidh na ndaoine eile. Bhíodh "camp bed" ag foth-dhuine agus shamhluídís go raibh sé ana-chompórdach ar fad. De ghiumhais deintí iad agus bhíodh díon air agus é déanta de bhórdaibh acht ní dóigh liom go bhfuil ceann aca le fagháil san bparóiste fé láthair.
    Puill bheaga sa bhfalla a bhíodh mar fuinneoga aca agus chuiridís sop féir nú tuighe ionnta ar eagla go dtiocfadh an ghaoth nú an bháisteach isteach, agus níorbh aon bhaoghal go bhfágaidís na puill oscailte san oidhche.
    Bhíodh ainmhidhthe na feirme sa chistin agus oidhcheanta fuara an gheimhridh ann. Bhíodh ba bainne, an capall, searrach agus muc ann. Bhíodh cúb na gcearc ann chomh maith agus ba dheacair dul suas chun na teineadh agus capall, searrach nú bramach idir tú agus í. Aiteann a thugaidís don gcapall san oidhche agus nuair a bhíodh féur gann, gheibheadh na ba aiteann leis. I gcúinne na cistineach a bhíodh umar agus rá[mha]in aitinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí