Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dob' é obair na bhfeirmeoirí gach oidhche roinnt aitinn do ghearradh le haghaidh na n-ainmhidhthe (h- sa lámhscíbhinn). Pé buachaill nú fear a thagadh isteach chun seanchaidheachta do chaitheamh bhíodh air seal a thabhairt ar an
rá[mha]in i dtreo is go mbeidh na deiligní brúighte agus bog leis.Solas agus obairNí raibh aon solas aca acht an buaiceas, stráilleog, coinneal mhúnla, nú geataire giumhaise. Bhíodh buachaill nú cailín á gcoimeád an fhaid is do bhíodh an obair ar siubhal. Tímcheall triochad blian ó shoin dheinidís na coinnle múnla. Bhí fuirm ("mould) coinnle déanta de stán aca, chuiridís trí cinn aca ina seasamh ar stáitseán agus snáithín mar buaiceas tré gach ceann aca. Nuair [a] mharuídís bó, choinnighidís an gheir. Dheinidís é do leaghadh agus líonaidís an "mould" leis agus fágaidís (fagadaís sa lámhscríbhinn) ann é go dtí go mbíodh sé cruaidh.
Bhíodh na mná ag sníomh, cárdáil nú ag tarrac lín. Pé duine go raibh roinnt caorach aige bhíodh crann-dealúghadh (=crann dealbha) sa tigh aige. Fráma adhmaid ab' eadh é - pionnaí adhmaid innti agus nuair [a] bhíodh an tsnáth tochraiste i gceartlíní cruinne cruadha dheinidís é do chasadh ar an gcrann dealúghadh féuch cá mhéid beannlámha (=bannlámha) a bheadh aca. Chonnaic mé ceann aca go minic. Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán.- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí