Scoil: Leithead (uimhir rolla 5480)
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor fhág siad an áit mar ní raibh an adhmaidh ins an gcairt. Cúladar capall ar soadar mór thímpeall na haite sin. Fé dheire do conachadar an capall agus fear ináirde ar. Bhí culadh bán ar an bhfear. Ní raibh aon bróga air. Bhí sé ag rith mór thímpcheall ortha i bhfáinne. Chúadar annsan agus núair a bhíodar ag dul amach ar an mbóthar thuit an cart agus an cúlach adhmaid. Bhí an oidhche baisteach go trom. Ní rabhadar ábalta an cart do sheasamh arís agus béighean dóibh imtheacht abháile. Núair tháinig an lá bhí fear na coille ag dul mór tímpcheall agus conaich sé an cairt agus an adhmaidh. Bhí an adhmaidh ceanghailte. Bhí an ainm ar an gcairt. Thóg tíghearna trí phairceanna eile ó gach fear.
- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Gealbháin
- Inscne
- Fireann