Scoil: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (uimhir rolla 6091)

Suíomh:
Cuar na gCoileach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Landsdowne (Cuar na gCoileach)
  2. XML Leathanach 276
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Is amhlaidh a fuaireas an scéal seo ó bean Dhíarmuide Uí Shiúlleabháin...

    Is amhlaidh a fuaireas an sceul so ó bean Dhíarmuide Uí Shúilleabháin, Doire Nid, Tuath Síosta a chúala é seascadh blíadhan ó shoin anois ó Mháirn Teaddí - snímeadóir agus seanacaidhe a mhair i mBunán le linn óige na mná luaidthe thuas. Chonnaic Máirn na daoine inaiche de gnáth ach an oihdche áirighthe seo pé'n Éirinn é bhí Máirn bhoct sínte in a leabaid gan aon néal codhlata uirthe ach chómh beag is nár leag sí a taobh ar aon leabaidh ríamh an oidhche úd agus ba mhinic léithe bheith mar sin mar bhíodh a croidhe cráidthe igcómhnuide aici idtaobh a mic b'óige gur theip air a slígh beatha d'fhághail amac tall in Nua Eabharac na ibhfus in Éirinn mar ní raibh aon fonn oibre air ac an díomhainteas imtighthe isteac go dtí an smior air.
    Do thárla go raibh an mac san in a codhladh go sámh i leabaid eile sa seómra céadna. A lethéid seo d'oichche roimh glaodh an choiligh chúala Máirn an glór agus an bualad a' an doras ach ní raibh ann ach é. Ac igcionn tamaill in a dhiaidh sin is amhlaidh a bhí an bualadh céadna ar an cúl doras airis agus ba ghearr go raibh se ar oscailt os cómhair a súl amac agus láithreac bonn baill cé táinig isteach cúiche ac ceathrar ban maiseamhla agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Bean Dhíarmuide Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Nid, Co. Chiarraí