Scoil: Bun Inbhir (Bunaneer) (uimhir rolla 10241/2)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Chonchubhar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Laetheannta na Riabhaiche
Laetheannta na Riabhaiche siad na trí laetheannta deiridh den Mhárta, nó an chéad trí lá den Abrán. Níl aon deimhin ar cioca mí de'n dá mhí go mbaineann na laetheannta so léi ach is deimhin go mbainid le mí éigin den dá mhí sin.
Is minic a d'airigheas gur le Abrán a bhainid. Seo mar a tugadh "laetheannta na Riabhaiche ortha an chéad lá; bhí bó riabhach ann uair fadó agus rug Márta an-fhuar agus an-gharbh uirthe. Fuair sí a dóithin de'n aimsir agus d'réir deallraimh is ar éigin a rug sí a h-anam léi ach pé scéal é fuair sí an buadh ar an Márta san agus nuair a rug an chéad lá de'n Abrán airthi cheap sí go raibh sí saor ó bhaoghal feasta.
Do léim sí as a corp agus do labhair go neamhspleádhach agus a dúbhairt a Mhárta fhealltamhail, dá déine thugais fúm, níor fhéadair deireadh a chur liom agus anois ó tá an t-Abrán bog braonach tagaighthe, is beag é mo bheann ort"(leanann ar an chéad leathanach eile)