Scoil: Cathair Dómhnall (uimhir rolla 10239)

Suíomh:
Cathair Dónall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Dómhnall
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Caoineadh Thaidhg ach Domhnall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (1v)
    ‘S é an cuardach atuirseach aindeiseach cách dóibh é
    Nár leigeadh in airm sibh nú i gcogadh go mbeadh laghach na bpiléar
    Thar a bhfeacaidh úr n-athair ur marbh ur mbás araon
    Sa tsruil seo treascartha gan tapadh gan brig núr ngéag
    (v)
    Ur ngeaga geala b’é an ainm le radh ag an saoghal
    Mar bhíodar acfuinneach taithneamhach gradhmhar séimh
    ‘S gur b’é toil an athar mhic a d’fhulaing an pháis bhúr dtaobh
    Nár leig chun an tailimh sibh mar bhí an seóla sa lá ró-thréan
    (v1)
    Ba thréan calma an scafaire ar bád ná ar tír tú
    Is ba bhreágh é do sheasamh ar faithche nú lathair rinnce.
    Gan cáim do leaca ‘s do bhaill beatha mar órduig Críost thú
    Cé gur bháidh an scála go tapaidh ar taobh an tighe thú
    (v11)
    ‘Sar taobh an tighe ‘seadh tá an diomas le fada n-úr gcomhair
    Sus beag do shiolas go raibh an súiste faire do ghlór
    Mar nuair a theidhthea sa coisgear ba bhínn tú chun seasamh ag cómhair
    Agus ar úr dteacht timcheall bíodh faoireacht ag fearaibh ar Dóin (Dubh Abhainn)(Blackwater nr. Kenmare)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Siocfhradha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair na Gaoithe, Co. Chiarraí