Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 041
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is tháing an capall ba lugha sa pháirc chuige – an bramaichín gioblach – agus thug sé leis go dtí an máighistir é. “Maith a’ buchaill , a Séainín “ ar seisean , “ deánfair an gnó.”
“Sé an rud a deánfair anois ist oidhche amáireach “ ar seisean “dul fé dhéin an tíghe seo áirighthe is ann atá cailín óg – dein í thabhairt chugam is tabharfad míle púnt duit “
“Ó “ ar Seáinín leis féin “Cad a dheánfad in aon chor , tá mo cheann dióm anois nó riamh. Do chuimhnig sé ar plean. D’imthig sé fé dhéin doctúra. Dubhairt sé gur chuir a mháighistir fé dhéin stuif é a chuireadh codhladh air mar go raibh an máighistir breoite. Thug sé dhá punt dó is dubhairt gurb é a mháighistir a thug dó é. Níl aon dabht ná gur thug sé gog maith dhó. Chuaidh sé fé dhéin tíghe na mná óige. D’iarr sé loísdín na hoidhche. Do fuair sé é agus suípeár maith le n-ithe. Theasbáneadar a leabaidh do is dubhradar leis dul a chodhladh ach níor chuaidh Seáinín ar aon chodhladh. Cuaidh sé ag faire na mná óige feuchaint cé’n seomra ‘n a raghadh sí a codhladh. Nuair a cheap sé go raibh sí ‘na codhladh chuaidh sé isteach san seomra in a raibh sí. Caith sé an stuif a fuair sé ó’n doctúir uirthe. Thóg sé anáirde ar a drom í is chuaidh sé fá dhéin tighe a mháighistir. Ó! Bhí an máighistear ana shásta. Thóg sé leis í sa phárlús. Ní iósfadh sí aon nídh uaidh.
Nuair a bhraith an t-athair is an máthair uatha í ar maidin chuireadar ráfla amach feuchaint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Conaill
- Inscne
- Baineann