Scoil: Gleann Cotáin (uimhir rolla 12822)
- Suíomh:
- Gleann Chatáin Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Liam de Longphort
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cotáin
- XML Leathanach 418
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a cómhnuidhe I gCnocán na Scrogdaí gur bainm dó Páidín Nell. Bhi sé ag baint prátaí ag feirmeóir lá.
Tháinig an Rogaí treasna na páirce in-a rábhadar ag obair. Dúirt an feirmeóir le Páidín Nell. Má bheireann tú ar an rogaí gheobhaidh tú chúigh púint. Dimthigh Páidín agus coimheád sé radharc uirthi go bhain sí Loch Cárthaigh amach. Stad sí annsan ar feadh tamaill. Deirigh sí arís, lean Páidín í. Chuaidh sí isteach fé tor. Chuir sí a ceann siar fé na sgithán agus thuit a codhladh uirthi. D’ealuigh Páidín suas agus bheir sé uirthi. Thug sé leis í.
Bhí bean bocht i-na chómhnuidhe ar thaobh an bhóthair gur bhainm dí Cháith Conchubhair, bhí tigh deas aici. Tháinigh Paidín go dtí an doras agus sgaoil sé an rogaí isteach chun Cáit. Chaith sé cloch isteach i-na diaidh agus bhris se corcán leis. Do scread Cáit agus ceap sí gur be an diabhal a thánig isteach. Taréis tamall labhair Páidín. Níor thug Cáit aon ana phaidir do.
Thug sé an Rogaí leis arís agus fuair sé a chuid airgid ón bhfeirmeóir.Micheál Ó Dúna
Cúrnaméina
Gleann Carthaig
64 b.l.- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Dúna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Cuar na Méine, Co. Chiarraí