Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 262
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí righ ann fadó agus bí sé go h-ana láidir. Bí aon nidh amháin ag déanamh buartha dó, ná raibh aon clann aige agus ins an am san bí sean-draoi ag gach aon righ. Chuaidh sé go dtí an sean draoi agus dubhairt sé (?) go mbeainfead sé an ceann de mar a neósfadh sé dó cad é an cúis ná raibh clann ag a mhanoi.
"Níl aon ní le deanam agamsa duit" adubairt an sean draoi leis ach slat iascaig a thóaint leat maidin la ar na bháireach agus má mharbuigeann tú bradán tú féin agus do bean é d'ithe." Dimtig an rí lá ar na bháireach. Thóg sé an t-slat iascaig agus do mhairbh sé bradán agus d'iath sé féin agus a bhean é an oidhche úd agus i gceann trí ráithe on oidhche sin bí mac óg ag a mhanoi gur ghlaodach Donnchadh Mic an Bhradán air. Dimtig an righ lá ar na bháireach agus mhairbh sé bradán eile agus d'ith sé féin agus a bhean é agus i gceann trí ráithe eile bí mac eile óg ag a mhnaoi agus glaodhach Aodh Mhic an Bradáin air. Seadh, sin a raibh aige, ac an beirt. D'fhas an bheirt mhac suas chomh breág go raibh iongadh ag gach duine a chonnaic iad. Mar a mhorchadhadh (?) an lá iad morchadhadh an oidhche iad agus ní raibh dhá ubh (?) circe riamh com cosamhail le na chéíle leis an mbeirt. Deirigh (?) Donnchadh suas go raibh se bliain is fiche d'aois.- Bailitheoir
- Brighid Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí