School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 029
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. P.029
    Seana-Sgéul
    Bhí fear ann uair- Donncad ab’ainm do. Chuaidh sé ar an aonach lá chun bramach a dhíol. Dhíol sé an bramach is fuair sé airgead mhaith air. Thug sé an bramach go dtí stáisiún na traénach, chuir sé a capall isteach i stábla, d’ith sé a dinnéar, is ceannuigh sé rudaí a bhí ag teastáil uaidh. Bhí sé déanach sa tráthnóna nuair d’fhág sé an cathair, is ní raibh aoinne in aoinfheacht leis. Níor b’fada go dtáinig an báisteach anuas ‘na sruthánaibh, is fliuchadh Donnchadh go dtí an croiceann. Bhí fearg air, “Cad cuige go gcuireann Dia an báisteach anuas orm mar seo,” ar seisean, agus mé ar an mbóthar. Ar an mbóthar abhaile b’éigean do dul trí coíll. Bhí an oidhche ag tuitim is bhí eagla ag teacht air. Ba geárr go bhfeaca sé rabálaidhe ar thaobh an casáin, agus gunna aige. Cuir an robalaidhe an gunna le ‘na gualainn is ghlaodh sé ar Donncadh stad, agus teacht anuas de’n gcapall. Bhí a croidhe ‘na bhéil ag Donnchadh, ach níor stad sé. Tharraing an robálaidhe an triogair, ach mo léir, níor tháinig aon urchar as an ngunna, mar bhí an pudar fliuch ó’n mbáistigh. Do bhuail Donnchad leás d’á eachlasg ar an gcapall, d’imthigheadar ar chos anáirde is thánadar slán as an gcoill. “Feuch anios,” arsa Donnchadh, “nách mór an t-amadán mé. Bhíos ag gearán i dtaobh na báistighe, is mara mbeadh í beinn cómh marbh le h-Art an nómat so.” Gaibh sé a bhuidheachas le Dia, is thug a bhóthair air go dtáinig sé slán abhaile.
    Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
    Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
    Caoldubh Uachtarach,
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Curnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Bean Uí Curnáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí