Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 329
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn an buacaill ag innshint gach rud mar gheall ar a fheirm féin agus ar cad é an sórt talmhan í, nó an mó stuaic atá ann do'n stócach agus rud níos fearr ná san tugann sé deoch sa bhreis dó cun go molfadh sé an fheirm.
Nuair a bhíonn an dhá clann sásta, socruigheann siad dáta ar an pósta.
Cúpla lá 'na dhiaidh san téigheann fear ó thig an cailín cun fheirme an bhuachalla d'feiscint agus a h-athair agus a mháthair ann leis. Bíonn siad ag caint mar gheall ar an gcleamhnas.
An té go mbeifí ag déunamh cleamhnais dó agus ná críochnófá é, adeirtí go ndeaghaidh s é cun na Sgeilge.
Bíonn an spré ag an gcailín.
"Cliamhain isteach" a glaodhtar ar an bhfear á phósann cailín go bhfuil an fheirm aici agus go bhfuil an t-airgead aige.
Lá nó mar sin roimh an bainfeis téigheann an buachaill go tig an tsagairt cun an pósadh do cur i n-iul dó.
Téigheann siad go dtí an baile mhór agus bailigheann muinntir an dhá clann le céile, ag caint, is ag cadaráil, is ag cur tré céile. Ceannuigheann siad rudaí deasa i gcóir na bainfeise.
Maidean an pósta bíonn breichfeast mór i dtigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Rioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí