Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 343
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tugann an mháthair an dinnéar cun na páirche do's na fearabih, agus tugann sí aire do'n tig. Baintear na prátaí le rámhan no le h-inneall bainte prátaí 'san bFóghmhar. Piocann óg is aosta iad. Cuirtear isteach i mbuicéidíbh iad agus cuirtear isteach i málaibh iad i lár na páirche.
Tarrainghtear isteach i bpoll mór tirim iad, a bhíonn déanta cheana, insan dtalamh, agus caithtear na prátaí isteach.
Cuirtear tuighe ar dtúis ortha, ansan cré agus scraitheanna sa deire, cun an tseacha agus cun tsneactaidh do coimead amach uaithi.
Má ná cuirtear i bpoll iad, tarrainghtear istach i dtig iad nó i n-áirde ar lochta. Más anáirde ar lochta atáid, castar is iompuightear iad, mar nuair a bhíonn siad le chéile lobhann siad.
Bíonn an páirc ag feuchaint go lom ansan. Deintear a lán úsáid le na prátaí - ithtear iad, tugtar na criocáin do's na h-ainmhidthibh agus bíonn cuid acu mar prátaí síl i gcóir an Earraig. Ní foláir prátaí do cur cúpla bhlain as a chéile i bpáirc, mar bíonn an cré ró lag.
I ndiaidh prátaí bheith curtha dhá bhlain as a chéile i bpáirc curtar eórna, seagal nó coirche insan bpáirc. Cuireann an cuid is mó de'n na feirmeóiribh na prátaí leis an gcéacda anois i driollannaibh.
Dúntar na driollanna leis an gcéacda agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí