Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 270
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ScéalBhí fear ann fadó agus bhí mac aige, nuair a bhí an mac na ógánach bhí duil san ól aige agus gach oidhche nuair a bhíodh obair an lae thart théidheadh sé go Tig Tábhairne a bhí in aice leis ag ól. Taréis tamaill mhaith dubhairt an t-athair le na mhac lá “Anois a mhic, níl a thuille airgid agam-sa agus is mithid duit cial a bheith agat agus gan bheith ag imtheacht gach aon oidhche mar sin; ní dearfhadsa a thuille ach beidh do thuarastal le fághail agat uaimse gach mí agus tá cead agat do rogha rud do dhéanamh leis nuair a gheóbhair é.” Ní dubhairt an mhac fócal agus lean an scéal fé mar a dubhairt an t-athair. Ach nuair a geóbhadh sé an t-airgead tabharfadh sé dos na cómharsain é go dtí go bhfásfadh gaimbín air agus nuair a dhíolfadh siad é airís is é an gaimbín a thabharfadh siad do na buidéal biteala agus annsan bhí a dhothain le n-ól aige, ach anois agus airís théidheadh sé go dtí an tig tabhairne. Oidhche amháin cuaidh sé ann agus d’fhan sé ag ól go uair mairbh na h-oidhche. Annsan thug sé a aghaidh ar an mbaile, oidhche spéir ghealaíghe a bhí ann, ar leath slighe do bhí sé ag dul thar loch. Bhí an oidhce ana ciúin agus an gealach ag taitneamh ar an loch. Nuair a bhí sé in aice an locha thug sé fé ndeara ana thamall amach san uisce ceathrar fear ag siúbhal ar an uisce agus cómharthaí á iomcar aca. Bhíodar ag déanamh ar an bport; d’fan an buachaill annsan ag faire ortha ach ní raibh aon eagla air agus fhios aige(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Síodhcháin
- Inscne
- Fireann