Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    lóisdín d’fághail dóibh. Cuaidh sé isteach sa tig agus d’fan an bheirt eile amuigh. D’fiarr sé ar fear an tighe an dtúbharfhadh sé lóisdín dó féin agus dá bheirt driotháreaca. Dúbhairt an fear go dtúbharfhadh sé. Dúbhairt an gabha leis deinnéir maith dfágháil dóibh agus go mbeidís chuige sar abhfhad. Do chuaidh amach cun an bheirt eile agus taréis tamall thángadar isteach. Bhí deinnéar maith ullamh dóib agus san tráthnóna fuaireadar suipéir maith arís. Bhíodar ag ól go dtí an mhaidean agus fuaireadar breicfeast maith ar maidin arís. Dúbhairt an siuinéir agus an sclábhaidhe leis an gabha “cad a dhíolfhaidh as seo.” “Is cuma dhíbhse” arsan gabha “ach dein mar dearfhadsa libh.” Ragadsa suas go dtí an cléireach agus fiafhreócad do cad é an méid airgead a chaithimid a dhíol. Théigheadh an bheirt agaibhse suas sa tseómra agus nuair bheadsa ag cuir mo lámh ar mo phóca cun an tairgead do dhíol léimfheadh duine agaibhse agus abhair gur tú féin a dhíolfhaidh gach pingin agus nuair a bheirse ag cuir do lámh ar do phóca cun an tairgead do dhíol léimfheadh an tríomhadh fear agus abair gur tú féin a dhíolfhaidh gach pingin do agus fág fúmsa an cuid eile do dheanamh. Do cuadar suas go dtí an cléireach. D’fhiarr an gabha air cé méid airgead a chaithfhidís a díol. Dúbhairt an cléireach go gcaithfhidís triocad punt do dhíol. Do chuir an gabha a lámh ‘na phóca cun an tairgead do dhíol agus léim an siuinéar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Choncúbhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Concúbhair
    Inscne
    Fireann