Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cad ar go ndíolfhadh sé é. Dúbhairt an fear go ndíolfadh sé é ar leath dá raibh aige. Thug Mach an Ríogh leath na sgillinge agus d’imthigheadar leó. Do bhúail an mach dob óige le fear a bhí ar leath láimh leath cois agus shúil. Do beannuig Mach an Ríogh do agus bhí fios ag an fear gur Mach an Ríogh do bhí ann agus dúbhairt sé go raibh sgáthán aige agus gur sgáthán draoidheachta é agus go bfeicfá an duine do bfeárr leat ar an saoghal seo ann. D’fíarr Mach an Ríogh air cad ar go ndíolfadh sé é. Dúbhairt sé ar leath dá raibh aige. Tug Mach an Ríogh leath na sgillinge do. D'imthigheadar ortha.
    Taréis laé agus blíadhna do bhuail an triúr acha le céile ag an gcros bhóthar. Do fháiltígheadar roim a céile agus nuair a bhíodar tamall ag cainnt d’feach an mach isteach sá sgathán draoidheachta agus connac sé a athair ann agus é ag fághail bháis. Tháinig brón mor ortha annsan. Dúbhairt an tarna mac go raibh buidéal aige agus go leigheasfadh sé aon galar agus dubhairt an mach ba shine go brat aige agus go mbearfhadh sé duine ar áit timpeall an Domhan ar aon neómat. Do cuaidh an triúr aca isteach sa brat agus cuadar abhaile. Tugadar braon as an buidéal dá n-athair agus d’eirig sé agus do mhair sé dachad blaidhain eile. Bhí ana áthas air nuair a tháinig a triúr mac abhaile. Nuair a bhí sé agus fághail bháis do roinn sé an Ríoghacht eatortha agus thug postanna arda dos na fearaibh a bhí ar leath láimh, leath cois agus leath shúil.
    Caitlín Ní Choncúbhair, Cnocruad do scriobh 14.12.1938
    Ó Seán Ó Choncúbhair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0654: The Three Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Concúbhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cnoc Rua, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Concúbhair
    Inscne
    Fireann