School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 008
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí long píaráití darb ainm an Hercules. Bhuail sí ar faill cloiche atá leis an bhfairrge ar an Rinn Ruadh thiar sa Priárac agus nuair a bhuaileadh ar dtúis í ar an gcarraig cuaidh sí tamall in dhiaidh a cul agus bhuail sí arís agus dúbharthas gur chualaidh na daoine a bhí ar an bport ór ag silleadh síos tríotha fé mar a bheadh grean ag tuitim as trucaill. Bhí fuireann ar bórd uirthe agus báthadh íad go léir.
Thóg gárdaí an cósta suas í agus thugadar díbheartha ó Shasana leo agus solatharuigheadar cuid mhaith de'n ór dó'n riaghaltas ach má seadh bhí cuid de na daoine a chuaidh fé' uisge nuair a bhí an oidhche ann agus a fuair cuid maith de'n ór. Bhí a lán dhaoine go raibh mórán saidhbhris aca in diaidh an Hercules. Bhí beirt ban in áit éigin sa Priárac ag tómhas óir le muga le na chéile agus tá sé ráidhte nach fada na bliadhanta go dtí go raibh an muintir a fuair an t-ór chómh bocht agus bhíodar riamh. Bhí smut(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Sheaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Conaill
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry