Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cnoicíní
- XML Leathanach 198
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe na Sean-aimsireBa greanamhair íad tighthe na sean-aimsire agus mór an deifridheacht atá idir na sean tighthe fadó is na sean-tighthe anois. Sé an solas a bhíodh acu ná bior giúmhaise a lasadh agus é do sháth isteach i bpoll ins an thíarta agus do bhíodh muinntir an tíghe go léir suidhte mór tímcheall (an) na teine agus úaireanta coiméadhfadh gach duine an bior núair a thagadh sé go dtí a turn, is núair a bhídís tuirseach de'n gnó san do sháthaidís ins an íarta é arís. Do gheibhidís an giúmhais chun na h-oibre sin ins na portacha agus do thabhairfidís ábhaile an giúmhais ina bheartaibh móra. Annsan do sgolaidís an giúmhais ina smutaí caola fada i dtreó is go bhfanadh an bior ar lasadh go ceann i bhfad.
Sé adhmad a bhíodh ar na tighthe an uair sin, ná adhmad coille, do thabhairfidís an adhmad sin ó'n gcoille ba chómhgaraighe dóibh. Do gheárraidís crann caol agus sgolaidís é ina dhá leath-chúpla agus mar sin go dtí go mbíodh a n-dóithin cúplaí acu. Annsan cuirtí dínnce nó runga tríd an dhá leath-chúpla chun íad do ceangailt dhá chéile idtreó is go sroichidís ó fhalla go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Gleann Chárthaigh, Co. Chiarraí