Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)

Suíomh:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Tiobraid
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. B'ait na sagas tighthe a bhí ag na seandaoine fadó. Ní bhíodh aca acht cistin, agus seomra síós as an gcistin. Bíodh tig ba suas as an dtig, agus bíodh gamna istig sa cistin ina dteannta féin. Bhíodh staric sa bhfalla aca cun iad san do ceangail. Bhíodh an capall inaice an "binscot" aca, agus uaireannta théigeadh na leanbhaí i gcodlad idir na cosa tosaig agus cosa deiridh an chapaill. Bíodh na capaill ana chiuin an uair sin.
    Bíodh cúplai adhmaid coille, giumhais ón bportach agus maidí raice aca. Bhíodh taobháin adhmaid - stáicí fada, caola a tugtaí ortha súd Scrath Righin ortha sud. Geobhfaí na sgraith sin san chnuich no bfhéidir i bportach. Deintí suas na sgraith i rollaí nuair a bheadh siad bainte le raimhíní. Nuair a bheadh siad déanta suas i rollaí cuirtí dhá slatán a cur innte maidí a cur isteach ina lár agus beirt fhear a dtabhairt go dtí an trucaill. Cuirtí ináirde ar an dtig iad mar sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge