School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 208
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- B'ait na sagas tighthe a bhí ag na seandaoine fadó. Ní bhíodh aca acht cistin, agus seomra síós as an gcistin. Bíodh tig ba suas as an dtig, agus bíodh gamna istig sa cistin ina dteannta féin. Bhíodh staric sa bhfalla aca cun iad san do ceangail. Bhíodh an capall inaice an "binscot" aca, agus uaireannta théigeadh na leanbhaí i gcodlad idir na cosa tosaig agus cosa deiridh an chapaill. Bíodh na capaill ana chiuin an uair sin.Bíodh cúplai adhmaid coille, giumhais ón bportach agus maidí raice aca. Bhíodh taobháin adhmaid - stáicí fada, caola a tugtaí ortha súd Scrath Righin ortha sud. Geobhfaí na sgraith sin san chnuich no bfhéidir i bportach. Deintí suas na sgraith i rollaí nuair a bheadh siad bainte le raimhíní. Nuair a bheadh siad déanta suas i rollaí cuirtí dhá slatán a cur innte maidí a cur isteach ina lár agus beirt fhear a dtabhairt go dtí an trucaill. Cuirtí ináirde ar an dtig iad mar sin(continues on next page)