Scoil: Rinn Garóige, An Scibirín (uimhir rolla 16255)
- Suíomh:
- Rinn Ghearróige, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rinn Garóige, An Scibirín
- XML Leathanach 090
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Timcheall céad bliain ó shoin bhí tighearna talmhan darab ainm Townshend 'na chómhnuidhe i White Hall in-aice le Scibrín agus fear ana mhaith ar fad do b'eadh é dos na tionontuigthe bocta. Do bhí sé pósta le bean darbh ainm "Baldwin" agus tighearna talmhan do beadh a h-athair leis agus droch dhuine do beadh é.
Do fuair Townshend bás. Do chuaidh na daoine go léir go dtí an socruid. Do bhí bean déirce ann agus do chonnaich sí na Baldwins ag teacht agus do thosnuig sí ag measa dóíbh. Do bhí bean tionontuighe ann agus d'airigh sí an bhean eile. Bhí sí ar buile agus dubhairt sí
"Suidhe se sos ar strap
Tá lúb ar lár ar stár
Má tá na Baldwins ag teacht
Tá na Townshends rómpa amach
Mar siad féin a dhein an mhaith
Nuair a bhí an saoghal go tearc
Agus mise inde sa tsráid
Do chuadhla na h-uaisle ag radh
Is iad suidhe síos do'n clár
Do fuair Captain Townshend bás(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Lil Ní Leanáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Dún na nGall Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Leanáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Dún na nGall Thiar, Co. Chorcaí