Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- XML Leathanach 041
- XML “Scéalta ag Baint le hInis-Arcáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean-mhainistir in Inis Archáin a tógadh i lár na cúighúdh aoise déág. Ba le mianaig a bhí sé. Bhí mórán díobh ann agus bhí ospidéal, séipéal agus seomraí codlata 'san mhainistir.Bhí teampall mór na lár agus staighre casta ag dul suas air. Bhí sé sin ag na manaigh chun dul anáirde air nuair a bhéadh aon dainnséar. Do dóigheadh é i lár na sémhadh aoise déág Fear ar a tugadh h-Aicéád ó Phortláirge a dhein an droch-bheart; Deirtear gur tháinig loingheas isteach i gCuan Dún na Séád agus go raibh fíon ar bhórd aca. Do ghoid Fínian Ó Drisceóil cuid d'en bhfíon agus á' fhághail díoghaltais a bhí h-Aicéád nuair a dhein sé an droch bheart san.Tá caisleán eile ann leis agus is le Fínian Ó Drisceóil é, bhí fallaí móra 'na dtimcheall agus bhí garasún aige ann. Bhí caisleáin aige in áiteanna eile leis, acht do dóigheadh iad san go léir. Bhí Fínian Ó Drisceóil i gcomhnuidhe ag deánamh droch-bheartaí agus bhí mórán airgid aige, acht do dhíol sé go daor as an ghníomh sin. Do doigheadh gach caisleán a bhí aige agus na h-áiteanna mór thimcheall leis.Tá Tobar Naomhtha in Inis Arcáin leis, Tobar na nGabhann a tugtar air. Téigheann daoine ann agus deineann siad trí thurais mór thimcheall. Deireann siad a bpaidreacha ann annsan, agus nuair a bhíonn aon rud ag chur isteach ar a sláinte, cuireann siad an t-uisce naomhtha ar an áit ná bhfuil go maith chun biseach do chur air. Fágann daoine rudaí 'na ndiaidh ag an dtobar.Cléir Ní Concubhairó m'athair, Tadhg atá in a chomhnuidhe in Inis Arcáin
- Bailitheoir
- Cléir Ní Concubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Concubhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Inis Arcáin, Co. Chorcaí