Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí airm mór Ó Súilleabháin i Dún Baoí. Do'bh é Dómhnal Cam Ó Súilleabháin duine de airm Ó Súilleabháin Béara. Bhí alán leisge air agus ní raibh se abhalta ar aon rud i bfuirm oibre do deanamh. Lá amháin nuair a bhí cogadh idir Ó Súilleabháin agus a naimhaidibh do bhí Dómhnal Cam isthig le hais na teine agus bhí na naimaidh amuich agus íad tabhairt foba fé Ó Súilleabháin agus ag marbú agus ag tógaint na beithíg.
Tháinig duine éigin isteach agus nuair a connaich se Dómhnal Cam istig gan puínn le deanamh aighe tháinig fearg air mar deirtear go raibh an méidh sin de leisge air nár féadh se dul amach. Dubhairt an duine eirig as san a rud leisceach agus téir amach tá na beitíg dhá tógaint ag an taobh eile. Do léim Dómhnal Cam 'na seasamh agus thóg se corrán 'na láimh agus do rith se amach agus thosnuig se ag troid leis an corrán. Do mairbh se beitíg agus do gort se daoine agus nior'b fhada go raibh buadh an catha aige agus do sághbhail se Ó Súilleabháin Béara agus a cuid beitigh agus fearaibh.- Bailitheoir
- Máire Ní Choncubhair
- Inscne
- Baineann