Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 03_017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 03_017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 03_017
  3. XML “Rudaí Neamhshaolta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirthear go mbíonn rudaí neamh-saogalta le feichéal go minic ó am go ham san Óileán. Seo sgéal amháin a d'airigh mé ag mo athair i dtaobh beirt fhear a cuaidh soir ag an slip san oidhche an-mhoch ag feamhainn. An fear a bhí tairring na feamainne bíodh cat sa mbealach roimhe i gcomnuidhe. Cat mhó láidir a bhí ann agus níor bhach sé leis aon am, go dtí an babtha deirneach, agus annsin tugh sé buille dá chois dhó lena chuir as an mbealach ach ní rinne an cat acht breith air agus sgríobadh san eadán agus ar deire bí sé millte ghearrha aige. Bfhada leis an fear eile go raibh sé ag teacht agus chuaidh sé amach go bfeicead sé cá raibh sé. Nuair a chonnaich sé an cait bhí fathcíos air agus tosaig sé ag cait clocha leis agus is ar éigin a bí an beirt aca i dán don chat. Ní dheachaid siad ag aon fheamhainn aon oidhche eile ró-moch. Bí sean fhear eile ann freisin, agus cuaid sé síos ag an gcladach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann