Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 004](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_004.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 004
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt fhear i bPoinnte Luachruisc seo thíos... ”
Bhí beirt fhear i bpoinnte luachruise seo thíos agus bhí seisreach i gcomhar eatorra, agus bhí siad a treabhadh a talamh fá’n am seo bhliadhain. Bhíodh sí Dia Luain ag fear aca agus Dia Máirt ag fear eile, agus aréir mar sin ar a dturn. Thuit sé ar a ghaedheal í bheith aige lá fhéil Pádraic. "An mbéidh tú a treabhughadh lá fhéil Pádraic?" arsa’n fear gallta leis.
"Ní bhéidh," arsa seisean, "tá mé ag ’ul suas
go h-Árd a’ Ratha go nó ólfaidh mé bonn
Pádraic [1]. "Bhail béidh mise a treabhughadh
[1] Sin airgead a ba gráthach leóbhtha a chruinneadh fhad ó shoin roimh an féil Pádraic (bhéadh siad a fághail a sé pighne nó scilling, leath taoibh ar feadh ráiche roimh an am. Bheadh lá mór acú annsin lá fhéil Pádraic ar an aigead seo).(leanann ar an chéad leathanach eile)