Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí nighean do Ó Domhnaill pósta thíos i Leitir 'ac a' Bháird agus bhí dhá mhac aicí,...”
(ar lean ón leathanach roimhe)a’ Bháird(1) 'un bháis. Bhí dhá ghasúr indiaidh Mac a’ Bháird, agus níor innis a mhaithir ariamh goidé d’éirigh dó’n athair.
Níl lá ar bith nach mbíodh a’ ministir amuigh a seilg, agus bhíodh a dá ghasúr Ach
a Bháird leis(2). Mharbh sé cearc-fraoich lá amháin agus bhris sé 'n-eiteóg. "Ó" arsa
fear aca mharbh tú an t-éan salach(3)"
"Goidé’n dóigh a mairbhthea-sa í?," arsan ministir.
"Chuirfinn gráinín isteach ar shúil agus amach ar a t-súil eile," arsa seisean.
"Bhail seo dhuit a gunna agus a chéad éan eile a casfar ort deána sin leis". Rinn. A chéad éan a d’éirigh rinn a gasúr mar dubhairt sé. Ó rinn a ministir amach go rabh ’n t-seilg millte(4), agus thug sé a
dá ghasúr abhaile go gcuirfead sé ’un báis iad. Thug sé isteach iad, agus chuaidh sé fhéin a d’ithe agus d’fhág sé an dá ghasúr ag taobh na teineadh. "Is cosamhail," arsa fear aca. "Ó seadh agus is ró-chosamhail
adeir a fear eile"(1) An fear a rabh nighean Uí Domhnaill pósta air
(2)Beirt Chloinne Mhic a'Bháird.
(3) Níor mharbh sé é mar a mhuirbhfeadh fear maith gunna é.
(4) Nach mbeadh maith ar bith ins a’ t-seilg feasta ó tharla go rabh siad-san ní b’fhéarr
i gcionn an ghunna nó a bhí sé fhéin(leanann ar an chéad leathanach eile)