Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí nighean do Ó Domhnaill pósta thíos i Leitir 'ac a' Bháird agus bhí dhá mhac aicí,...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    soir uatha, an áit a dtugann muid a "Ferry" air thíos annsin i Leitir 'Ach a’ Bháird, agus
    bhí coiscéim ann nach dtiocfadh dhul soir ann ach duine amháin ar a 'thurn' soir a’ casán, agus chuaidh fear aca roimhe agus
    fear na dhiaidh. D’fhiafruigh sé díobhtha a rabh fhios aca cá rabh éilin(1) ar bith
    cearca-fraoich. "Tá fhios aghainn", adeir fear
    aca, "tá ceann thoir annseo".
    Chuaidh a bheirt soir, agus nuair a bhí siad ag ’ul soir, thionntoigh fear aca thart. "Tá eillín thoir annseo," arsa seisean, agus chuir a fear eile a lámh leis agus
    chaith sé amach sa pholl é. Nuair a bhí sé caillte annsin tháinic a bheirt abhaile
    agus chuaidh fhad leis a mhaithir. Chóirigh
    sinne indiú é," arsa siadsan
    "Goidé rinn sibh leis?" arsa sise
    "Chaith muid amach san uisge thoir udaí é, ag an eas é".
    (1) A brood of young fowl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    29 April 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir