Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0301](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0301.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0301
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)mise ar thóruíocht buachaill. Siúil uait liom-sa," adeir
a’ duine uasal, "siúil uait liom-sa," adeir sé,
"- tiúra mise obair ’uit agus páigh."
D’imi siad ó chois go cois le chéile nú go
ndeacha siad cho fada le teach a’ duine uasail.
"Sén obair a bheas anois ort," adeir a’ duine uas-
al, "a’ fosuíocht - ’tóirt (tabhairt) aire go bheithí.
Ach sén áit a bhfuil mo chuid talthúna ’síne,"
adeir sé, "le taltha na bhfathach, agus dhá dteigheach aon
bheithíoch isteach thar a’ tórthainn mharóidís mé -
ní h-é mo mharú dhianfaidís ach mé ’ithe beó
beithíoch."
"Á," adeir Cruchúr, adeir sé, "ní lice (ligfe) mise aon
bhó isteach ar thaltha na bhfathach," adeir sé, "nú cínn-
fe sé orm."
Insin thug sé a dhínnéar go Chruchúr. Sén
sórt dínnéir a thug sé dhó rán agus bainne agus
feóil.
"A, níl aon chleachta agam-sa ar a’ mbeatha
sin," adeir Cruchúr. "Cuir síos pota breagh sturabout
min-bhuí dhom nó min-choirce."
Chuir. Nuair a bhí sé bruithte, leagú spún-(continues on next page)