Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0304](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0304.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0304
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Cruchúir, "ná a’ sá sgeana glasa i mbolg-easnachaí
a chéile?"
"Is feárr liom a’ caruíocht ar leacrachaí
glasa," adeir Cruchúr, adeir sé, "san áit a mbeidh mo
chosa míne gheala a goil i n-uachtar agus do spága
móra salacha a goil i n-íochtar!"
Rug siad grím i n-íochtar, grím i n-uach-
tar, lámh uaisle na caruíocht, ná ru aoin fhear ó
thoir a’ domhan go dtí thiar a’ domhain dhá bhfaca aríú
troid ná comhrac (cûrthac) nach orthab siúd
a thiocach a’ breathnú. A’ diana bogán gon chruadhán
agus cruadhán gon bhogán, a’ tarraint toibreachaí
fíor-uisge aníos thrí lár leacrachaí
glasa; go ru diún agus deire an lae a’ teacht is a’
giorrán bán a goil ar chúl na cupóige, agus a’ cupóg
a’ teanna uaidh ar fhaitíos sa n-íosat sé í.
Bhí go math agus ní ru go h-olc. An chéad fhásga a
thug Cruchúr faoi chuir sé go dtí n-a ghluín é;
an dárna cor go dtí n-a bhásta agus a’ tríú
cor go dtí crámh a bhráda.
"Ó, lig as seo mé," adeir a’ fathach, adeir sé, "agus tiúr-
tha sé mo phoitín íocshláinte dhuit," adeir sé, "mo shlaitín(continues on next page)