Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0303](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0303.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0303
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Dhiún blas a rinne sé ach a ghró a chur
faoi’n gclaidhe agus é leagan. Sheól sé isteach iad
i ngáirdín na bhfathach. Nuair a bhí siad istigh
bu geárr go dtáinic mádra állta agus sgiob sé
ceánn go na caoire, mar bhí a dhá chaora héin
agus ’uasgán ag Cruchúr a’ fosuíocht i n-éineacht
leis na beithí.
"Dar fia, má thagann tú aríst," adeir Cruch-
úr, adeir sé, "ní h-iad do chosa héin a shiúileas é!"
Tháinic a’ mádra állta aríst agus thug Cruchúr
cúpla coisméag ’n-a dhia’, agus ar ndú is geárr a lig
sé é. Rug sé ar dhrioball air agus chas sé é, agus
bhuail sé faoi’n taltha é agus mhara (mharbhuigh) sé
é. Is geárr go bhfaca sé an dúchan a’ tíocht.
Céard a bhí ánn ach a’ fathach.
"Fú fá fíasóg!" adeir a’ fathach, adeir sé. "Is mór
liom go ghrím thú," adeir sé, "agus is beag liom go dhá
ghrím thú. Níl ’fhios á’m céard a dhianfas mé
leat," adeir sé, "mar gcuire mé i mbarruíolachaí
mo bhróga thú," adeir sé, "nó faoi mo chosa sa lathach,
nó go shéideóg sa Domhan Soir. Cé is feárr
leat a’ caruíocht ar leacrachaí glasa," adeir sé le(continues on next page)