Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)Casav cócaire leis agus bhí sí a goil gá bhuala,
ach thug sé gualainn dothe agus leag sé na miasaí
agus na plátaí anuas faoin tala, agus na géí agus na
ganndail agus na lachain. Ach gho sgéal suas ag
a’ rí mara dtagach sé anuas agus an fear seo
a chatha amach go mbeach an méid a bhí sa teach
briste. Chuir a’ rí sgéal anuas ucuv é chatha
amach, ach ar ndó ní ru aon fháil ucú Eóinín
a chuir amach. Ach chuala mac rí na Gearmáinte
é agus dúirt sé go dtiocach sé héin anuas. Nuair
a thainic sé anuas bhí Eóinín roimhe agus rug
sé air ghrim (ghrym) cába air agus bhuail sé anuas
i n-aghaidh an tala é, agus thug sé bárr na bróige
dho agus chuir sé ceathrú míle amach sa tala é.
Thainic Mac rí na Frainnce anuas ’n-a dhia’
agus dhin sé an rud céanna leis. Ach bhí oifigeach
na saighdiúirí ’n-a sheasa ann agus dúirt Eóinín
leis an oifigeach a dhoil suas agus a rá le iníon
a’ rí gur theasta uaidh cúpla focal a labhairt
leithe. Chua sé suas agus dúirt sé leithe go ru
fear a’ fanacht leithe go labhrach sí cúpla focal
leis. Gho sí anuas agus nuair a thainic sí cho fada(continues on next page)