Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0007](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0007.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0007
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)ag
Do bhí a bhean a’ pósa ansan. Ní bhí bhean
a’ capall in aochor ach drifúr di do raibh
ortha
draoídheacht airthe. Bhí a bhean a’ pósa
ansan lé mac Rí na tíorach agus insa n-am
san do bhíoch pósa seacht lá agus seacht n-oídhche
ortha.
"Nois," arsan capall," ar sisean, "cuir mise ar
stábla," ar sise, "agus túbhair cuirneacht dhearg agus
fíor-uisce dhom agus tá an chéud oídhche aréir
pósa ar do mhnaoí ach beig pósa seacht lá
uirthe
agus seacht n-oídhche air agus ní pósfar í," ar sisean
"lé mac a’ Rí go dtí an oidhche déunach.
[Deire fiteán agus.
Tosach fiteán 19.].
Do chuir sé chapall ar stábala agus do thug sé
cuirneacht dearg agus fíor-uisge dho.
Anois," arsan capall," ar sisean, "ná dearud
mise i gcaitheamh na laetheannta. Is baolach
do ndéunfair nuair a bheig a phúins
rún a dul fé t-fhiacala."
Do dhin sé fé dhéin na chúirthe agus do bhí
sé leal-áil ’n-a measg agus do bhí sé cur(continues on next page)