Volume: CBÉ 0376

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0312

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    412
    úna aríst," ar sisean. "Tá’n mháistreás a’ glaoch
    aun ort, níor chuadhais insa n-áit cheart."
    chuai’ sí tharnais farais a’ gcailín agus bhí beim
    a’ tí insa tig istig sa níos agus bhíodar a’ cainnt
    lé chéile. Do ghlaoghaig sí ar na cailíní ar fad
    aun
    d’fhiafrui’ sí dóibh duine ar dhuine ar
    dineadar ao’ ní’ leis an ngreachaile.
    bhuaileas-sa buile beag uirthe, dubhairt ceann
    dis na cailíní, mar bhí sí a’ gáirí chúm."
    téire agus leighis anois í," ar sisean.
    Chuaidh a’ cailín farais a’ máistreás
    chuai’ sí go dtí ’n leabaig agus dhin sí pé rud
    a dhin sé agus d’éirig a’ greachaile cómh maith is
    bhí sí riamh
    Bhí go maith agus do tháinig an mhin abhaile
    ansan i gceann dhá lá nú trí ’n-a dhiaig sin.
    sise
    dubhairt mo mháistreás leat aríst," a
    aon rud a bheach ort dul chúiche ao’ ní’ bheach
    ar éinne ghaibh ar bhó ná a chapall ná ar
    dhuine. Bhí cráin age fear a’ tí agus bhí ’n
    cráin breóite agus chuaidh bean a’ tí’ go dtí ’n
    los agus dubhairt sí leis a’ máistreas é."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    15 June 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant