Volume: CBÉ 0376

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0344

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhinistir agus bhí cléireach age Father Kane i gClochán, Paddy Smith. Bhí mac age Paddy
    Smith go b’ainim do Robert Smith agus tímcheall có-mhaos [cómh-aos] b’eadh mac a’
    dhá chléirig. Well bhíodar na gcomáradaithe age na chéile agus do chuaidh Robert Smith, mac cléireach an t-Athair Seán Ó’ Chatháin mar 'helper' go dtí ’n ministir mar chléireach. Tógach
    'notice' do agus chonnacathas é agus dúbharthas, duine éicint
    leis a’ sagart. Do bhíos-sa istig i
    Sáipéal Chlocháin a’ lá san nuair a bhí seanamóin age ’n t-athair Seán.
    "D’fhiafhruíos," ar sisean, "do ’n-athair," ar sisean, "a’ raibh a
    leithéid i gceist," ar sisean, "agus dubhairt sé liom go
    raibh," ar sisean, "agus dá shéunfach sé orm é," ar sisean
    "bhí deire cléarais aige dom," ar sisean, "an fear bocht," ar sisean.
    Well bhí nach éinne úmpaithe i gcoinne Robert Smith mac a’ cléirig agus do tháinig Lord Ventry agus is sin é ’n bhliain roimis sin do cailleach
    athair an seana-Lord agus gur shocrui’ sé Burnham House (1) go léir. Thug sé (1) Tig Lord Venture i mBaile’n Ghóilín i bPar an Daingin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    17 June 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant