Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)mhinistir agus bhí cléireach age Father Kane i gClochán, Paddy Smith. Bhí mac age Paddy
Smith go b’ainim do Robert Smith agus tímcheall có-mhaos [cómh-aos] b’eadh mac a’
dhá chléirig. Well bhíodar na gcomáradaithe age na chéile agus do chuaidh Robert Smith, mac cléireach an t-Athair Seán Ó’ Chatháin mar 'helper' go dtí ’n ministir mar chléireach. Tógach
'notice' do agus chonnacathas é agus dúbharthas, duine éicint
leis a’ sagart. Do bhíos-sa istig i
Sáipéal Chlocháin a’ lá san nuair a bhí seanamóin age ’n t-athair Seán.
"D’fhiafhruíos," ar sisean, "do ’n-athair," ar sisean, "a’ raibh a
leithéid i gceist," ar sisean, "agus dubhairt sé liom go
raibh," ar sisean, "agus dá shéunfach sé orm é," ar sisean
"bhí deire cléarais aige dom," ar sisean, "an fear bocht," ar sisean.
Well bhí nach éinne úmpaithe i gcoinne Robert Smith mac a’ cléirig agus do tháinig Lord Ventry agus is sin é ’n bhliain roimis sin do cailleach
athair an seana-Lord agus gur shocrui’ sé Burnham House (1) go léir. Thug sé (1) Tig Lord Venture i mBaile’n Ghóilín i bPar an Daingin.(continues on next page)