Volume: CBÉ 0376

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0393

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0393

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    inghean amháin aige agus ní raibh aon bhean ba
    bhreághtha ná í lé fáil i n-aon tsaghas aite ach chuir a’ t-athair mar gheasa uirthe ná faghach éinne lé pós' í go dtí go
    dtiocfach gaisciach a bhéurfach cloch mór a bhí i gcliathán na cúirte trí h-uaire mór-tímcheall na cúirte. Bhí gaisciaig a’ teacht
    ós na h-aon thaobh do ’n domhan agus ambasa má bhí ní raibh éinne ’ca abalta ar a’
    gcloch a bhreith tímcheall na cúirte. Bhí san do maith is ní raibh do h-olc agus bhuail
    gabhairin giobalach giobógach a’ tslí lá agus do leath sé é féin ar a gcloith [gcloich] agus thóg
    leis í agus thug leis timcheall a’ tí' trí h-uaire í.
    "Is liom-sa t-ingean anois a Rí anóraig", ar sisean
    agus sann a tháinig néul ar a’ Rí chuige a rá go bhfaghach gabhairín giobógach go deó inghean.
    "Ach dubhairt an inghean, sin é do gheasa," ar sise, " agus tá sé déunta ’ge," ar sise, "agus pé scéul é," ar sise, "geód-sa leis anois."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    17 June 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant