Ní Mhóir, ní Fuineamhach é fear a bhuadfach é [ar] fhéin a’ cúigiú ghlúin déug do chroí na Féinne mac do Dhonacha an Drom Ruaitig. Loirig sé seacht céud ar thaobh a’ lá’ dise, seacht
céud ar thaobh a lá’ cléithe, seacht céud ar aghaig amach,
agus dhá oiread i ndiaig mo thóna 'niar," ar sisean, "mar dro-mheas ort féin agus
t’fhearaibh," ar sisean, lé Fionn.
(1) "Well," arsa Fionn, ar sisean, "is sé fear a chuirfi’ mé leat" ar sisean "an fear is measa thá ’gam," arsa Fionn, ar sisean,
"agus is sé ainm a thugaid siad
air", ar sisean, "Coín Liath na bBhfiar-Bhrán".
Din Choin Liath na Bhfiar-Bhran fé Mhearagach.
"Ó Thiar Bhráin," arsa Mearagach, ar sisean, "a Thiar
Bhráin ná tabhair(2) liúm nú caithfi’ mé mo throm-slua fé fhéirig ort ach tá duine ’gam," ar sisean, "a chuirfi' mé id'
chómhghabháil, mo mhac," ar sisean, "Donn Darachán".
Chuaidh Donn Darachán agus Coín liath na Bhfiar
(1) tá an chainnt ar thosach an fiteáin seo ar deire fiteán roimis.
(2) Tá an 'bh' fuaimithe.