(continued from previous page)
agus dubhairt sé leis clotha cártaí dh’imirt.
"Imireód," arsa Má Clogóid," ar sisean, agus má imiríodar bhuaig Má Cliogóid agus d’fhiafhrui’ sé:
"Túbhair do bhreith," arsan Gruagach, ar sisean, leis.
"Túbharfad cheana," arsa Má Cliogóid, ar sisean, "Táim á chuir
mar cheist is mar bhreith is mar dheasa droma druíochta ort," arsan Má, ar sisean, "ar ndóthain big a thúbhairt chúghainn agus fíon is go h-ao’ ní?
Beig san cheana ’gat," arsan Gruagach, ar sisean.
D’imiríodar aríst agus má dh’imiríodar bhuaig an Gruagach
"Túbhair-se do bhreith anois," arsa Má Cliogóid, ar sisean.
"Ní beag ’uit a luatha," arsan Gruagach, ar sisean.
"Cuirim mar cheist agus mar bhreith agus mar gheasa droma druíochta ort," ar sisean, "a’ cluíomh soluis athá sa Domhan Toir a thúbhairt chúgham," ar sisean, "agus chuirim mar cheist is mar bhreith ort," ar sisean,
"gan trí oídhche codla i n-aon tig ná dhá bhéile bíg a dh’ithe i n-aon tig go dtúbharfair
leat é.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.