Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Tháini’ sé steach go dtí na mháthair agus go dúch is go
brónach aige agus dubhairt sé lé na mháthair é.
"A tuille chút," ar sisean, "dubhairt-sa leat," arsan
mháthair, ar sise, "fnacht ó’n nGruagach.
Agus bhí stábala anaice leótha go raibh capaill ann ach go h-áirithe 'ca. Bhíodar go maith as
agus dubhairt a mháthair leis nuair a chuai’ sé go dtí ’n stábala an tsrian a chrotha i mbéul a’ stábala agus pé capall do thiocfach chuigis a chuireach a cheann sa tsrian olc nú maith nú pé cuma go mbeach sí gan dhiúlthú dhi. Chroth sé an tsrian i mbéul a’ stábala ach go h-áirithe agus cad a tháinig chuigis ach braimithín beag mílthe giobaladh a bhí ann ná
raibh aon deabharam dár mhair riamh air.
Thóg sé leis a bhraimithín giobalach amach agus a’
tsrian aige léithe agus bhí sé a’ siúbhal léithe ach
má bhí:
"Well," arsan braimithín giobalach, ar sise, "ná
raghfá ar mo dhrom".(continues on next page)