Volume: CBÉ 0376

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0687

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0687

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Seadh," ar sisean, "sid í miúil Hannifín na Muirí agus," ar sisean, "is fada mé a’ faire uirthe mar is mú ghreim dom’ chuid atá ithte 'cí agus n’fhéudach sí buala liom oidhche níosa feárr agus túbharfaig abhaile ar mo
    thoil mé go dtí tig a’ phósta."
    Dh’imi’ sé suas fé na déin agus má dh’imig ombaite do bhí sí a’ gáil anuas fé na dhéin agus stop sí as a choinne ’mach.
    "Seadh," ar sisean, "cabhair Dé chúgham ó's is mithid duit a’ mhaitheas a dhéunamh orm tréis abhfuil ithte riamh do m’ chuid agat", mar bhí an diabhal lé braduí ar a’ miúil agus ní raibh
    aon talamh age Hannifin fhéinig chuin í chimeád ann.
    Thug sé fé dul ar a druím ach má thug do bhí an fear bocht ró-mhór ar dig agus do thuit sé agus do thug sé fúithe an tarna
    h-uair ach n’fhéudfach sé dul ’n-a drom.
    "Go mbeiri’ ’n diabhal bhuam thú," ar sisean, "is seana a bhei’ mé gan aon tsíob in aochor
    sa deire thiar agat, agus lé na línn sin cad a dhin an mhúil ná dul an a leath- ghlúin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    7 July 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant