Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0688](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0688.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0688
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)agus dul chómh h-íseal síos is go gcuai’ sé ar a drom.
"Seadh ’nois," ar sisean, "stiúrói’ mé lé m’ hata í," mar ní raibh aon cheangal ná adhastar aige.
Ní thúisge bhí ’n focal as a phus ná labhair an mhiúil.
"Ha-há bhuachaill," ar sisean, "mheathais go b’í miúil Hannifin a bhí ’gat ach ní h-í. Mise an
Púca agus is fada agus is fuar mé a’ fneacht leat ach fuaireas an chao ort anocht agus deirim-se leat-sa go dtúbharfad-sa ceacht duit go gcuíneóir air an dá lá dhéug agus bheig
Mícheál Gloster mar ainm ort. Tás tú a’ caitheamh do chuda ba cheart duit a thúbhairt i mbia abhaile dtí d’ leanuí agus in
ionad san seana thás tú á dh’ól ’n-a Ragaire thiar i dtithe táirne Bhuailtín na ngealún(1)
Deirim-se leat an am is go scaoílfead-sa bhuam thú go mbeig ceacht agat go gcuíneóir uirthe".
"Ó Dhia mhór na bhFlathas," arsa Micheál, "lig anuas mé".
(1) Ainm a tugtar ar an mBuailtín i bpar Dhúin Úrlan."(continues on next page)