Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)"Go leit agus ith do bhéillí". "Ní íosadh mé aon greim choidhcheann" adeir se "agus is a ghadhardaic go mé t-athair ag bainnt an cloigeann dhíom." Dubhairt sí aríst leis a bhéille a ithe, agus suid sé síos a g'ithe. Tharaingt an bhean og naipicín as a poca agus chrait sí é. Tháinic fear mór amach ar a h-aghaidh agus d'iarr sé dhi ceard a bhí uaithe. "Cúirt agus caisleán a bheit deanta annseo. ar dath eanachaí beaga agus eanacaí móra an domhain, gon bonn cleite isteach ná bárr cleite amach ach aon chleite amháin a bhéas a deanamh díon agus fasgadh dó air úair a dhó dhéag." Ní túisge a bhí ráidhte ná deanta. "Anois" adeir an bhean óg "is geárr fhéadas mise fanacht i aondaí leat, Is geárr go dtagad m'athair annseo agus tosá sé ag moladh na h-oibre agus abair thusa leis, mara gcoinigh sé a bhéal dúinte, nach bfhágadh tú cleith ná sgolb os cíonn an caisleán gon leagan agus déiridh sé leat gur bé do(continues on next page)