Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)Tá sé i n'am amsa imtheacht anois."
Maidin lar na mháireach, núair a d'eirigh mac a Rí, dith sé a bhricfeasta. "Tarra uaith anois" adeir an Ridire "go s'paineadh mise dhuit an obair atá le deanad ad. Thug sé go dtí an crann é agus dubhairt sé leis go raibh nead seabhac ins an gcránn "mara mbéad an nead agus na h-uibheachaí ad dhomsa air úair a dó déag béidh an ceánn le cailleadh ad. D'imthigh an Ridire agus d'fhághadh sé annsinn mac a Rí. Chuaidh mac a Rí súas sa gcránn nó go mbeirid sé air an nead agus núair a síol sé breit ortha tháinic an nead go léim air an talamh. Tháinic sé anuas as an gcránn go mbeirid sé air an nead ar an talamh, agus chúaidh an nead go léim sa gcránn aríst. Bhí sé ag goil súas s'anuas an chránn nó go dtí sa deire nár raibh craithe an chleite ánn agus ní raibh an nead aige. Núair a tháinic inghean an Ridire go dtí é bhí sé thúas sa gcránn. "Sgread a bhainne ort(continues on next page)