Sean-Chainntiní
Bhí sagart ag éisteact faoisdín i ndteach túaith i nÉirinn fadó, agus bhí muinntear an bhaile cruinnigh ag an teach ag faoisdin, agus bhí gasúr beag sa teach, na suidhe síos i n'aice na teine. Bhí cáca thíos ag bruith ag an bhean gon sagart agus dubhairt an sagart le bean a tígh "Tá an t-arán dá dhó" "Dhá dó" adeir an gasuirín "sin a ceathair". Breathnuigh an sagart air agus rug sé i ngreim cluáise air. D'fiafruigh sé gon ghasúr, "Cé mhéib cailín óg faoi chlócha agus ribín, ó thórainn Bhaile an Róba go dtí torrain Bhaile an Doirín." "Bog do ghreim a sagairt" adeir an ghasur. "Innseá mise sin duit, nuair a innsea's tusa domsa cé méad muc bheag, muc mhór agus "pigín" ó thórainn Bháile a Róba go dtí thórainn Bhaile an Doirín, agus sin túis am-sa ort-sa a Shagairt an Chípín." D'fáisg an sagart aríst a cluás agus d'fiafruigh sé gon ghasúr "Cén uáir a thiochfas an chainnt gon fhiadhach