School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)

Location:
Gob an Choire, Co. Mayo
Teacher:
Sr. M. de Sales
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Page 251
  3. XML “Regimint na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dubhairt sí gur chaith sí an t-uisge amach san abhainn. Nuair a chuala an caiptín é sin bhí fhios aige céard a tárla. Rinne sé easgán dhó féin agus d'imthigh sé amach san abhainn faoi dhéin an ghasúir. Bhí an gasúr ag imtheacht ar theann a dichealla ach má bhí fhéin bhí an caiptín ag dul níos tapaidhe agus í gceann cúpla uair a cluig bhí an gasúr le bheith ceapadh ag an gcaiptín.
    Nuair a chonnaic an gasúr é a le bheith buailte rinne sé éan dhó féin agus d'árduigh sé san aer. Rinne an caiptín an cleas céadhna agus d'imthigheadar ar aghaidh leo. Bhí an caiptín ag bbuadhchaint go fóill ach chuimhnigh an gasúr ar cleas eile. Chonnaic sé go leór cearc thíos í ngarraidhe ag ite mine-buidhe. Síos leis agus rinne sé cearc do fhéin. Rinne an caiptín coilleach dhó féin agus gan mórán moille bhí ar an ngasúr teicheadh í bhfuirm éin aríst agus an caiptín 'na dhiaidh. Bhíodar ag imtheacht leó mar an gaoith Márta agus bhí an gasúr sáruighthe amach. Chonnaich sé bean thíos faoí ag cáthadh coirce agus cearca dá ithe. Síos leis an ngasúr agus rinne sé gráin coirce dhó fhéin. Rinne an caiptín cearc dó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Padhruig Ó Gallchóbhair
    Gender
    Male
    Address
    Na Sraithíní, Co. Mayo
    Informant
    Eibhlín Ní Ghallchóbhair
    Gender
    Female
    Address
    Na Sraithíní, Co. Mayo