School: Caurane (roll number 13175)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: P. Mac Giolla Gaileng
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane
- XML Page 238
- XML “Biseach an Bháis”
- XML “Luan Soir”
- XML “Mí na bhFaoilleach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur iondamhail go dtagann biseach ar dhaoine breóite go h-áit - ghearr roimh bás a fhághail dóibh. Biseach an bháis a thus sí ar an mbiseach sin.
Rud eile a dubhairt sí, agus is rud é nár chuala mé trácht air riamh sa mbéarla, go dtagann gaile chuig daoine breoithe freisin go h-áit - ghearr roimh an mbás. Dubhairt sí go dtug-tar Luain an bháis ar an ngaile siud. - Dubhairt mo shean-mháthair má bhíonn duine nó líon-tighe ag athrú a-n-áit-chomhnuidhthe, gur ceart doibh breathnughadh amach, nach dtéigheann siad in aghaidh an t-seanfhocail Luain soir is Márt siar.
- Chuala mé mo sean athair a' rádh; go dtugtar mí na bhFaoile ar Mí na Feabhra.Ní raibh fhios aige cé'n chiall a bhí leis an bhfocal faoile, agus níl fhios agam an é sin an focal ceart nó nach é, ach sin é an fhuaim a chuir sé leis. Dubhairt sé freisin go mbíod an sean fhocal seo i gceist go mór le linn a óige, nuair bhítí ag tracht ar Mhí na Feabhra "Sí Mí na bhFaoile a mharbhuigheas na caoirigh "