School: Caurane (roll number 13175)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: P. Mac Giolla Gaileng
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane
- XML Page 274
- XML “Sail Óg Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Acht mar a deir an sean-fhocal.
"Nuair atá an cupán lán seadh is fusa a dhóirteadh."
Cailleadh Sail bhocht i dtinneas cloine leis an gceathramhadh breith agus ba throm an buille sin don bhfear.
Acht ní raibh aon neart aige air agus b'éigean dó cur suas leis agus a thoil a chur le toil Dé agus glacadh go foighdeach le cébí a bhí geallta dó, rud a rinne sé gidh go raibh a croidhe réabtha i-n-a lár.
Cuireadh Sáil i roilig Oiléan Éadaigh gan focal ná sgéal faoí na bás a cur h-Innis Sgéithe, rud nár ceart a dhéanamh acht nár mhaith leis an bhfear bocht an droch-sgéal a seoladh chuca.
Ní raibh caoí anois ag an gceannachóir a bheith ag dul chuigh na h-aontaigh comh minich is a bhíodh sé, agus ní théigheadh sé acht go dtí na h-aontaigh a cómhgárach dá bhaile féin. Chrothnuigh na Breathnuigh ó Béal a' Mhuiridh é agus bíodh síad ag cur fáirnéise le daoine faoí, go bfuair siad amach an sgéal ar fad, sé sin go raibh Sail marbh agus nach mbíodh an fear ag dul i bfad ó bhaile o cailleadh í B'aisteach leo é sin go léir agus an rud ba mhó a ghoill ortha ná'r cuir sé sgéal cuca faoí bháis Sai[l](continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Con Tuille
- Gender
- Male
- Address
- Caurans Lower, Co. Mayo