School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 107
- XML “Lá Fhéile Bríde”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá ‘le Bhrígde
Bíonn áthas ar na páistibh nuair a thagann lá ‘le Bhrígdhe. An oidche sin cruinnigheann na páisti óga le chéile i dteach do’n comhairsaineacht. Cuireann siad sean éadaigh seál ortha. Gheibheann siad babóg ar a dtugtar “brigdeóig” uirthi agus téigheann siad ó theach go teach ag amhráineacht chun airgead d’fhághail, beireann na daoine scilling nó réal dóibh. Ag dul isteach i dteach dóibh deireann siad.“Oidhche fheile Brígde, bricín, bhain an chluas don toirtín agus tabhair a sáit don dailtín.” Féachann bean-a-tighe ar an mbabóig agus deireann sí “ Is deas an brídeóg atá libh gan amhras agus béarfaidh me rud dí ar shúil go mbhéid a beannacht ar mo thigh sa ó anocht go dtí bliadian ó anocht.” Seo sgéal a chuala mé i dtaobh la ‘le Brígdhe. Bhí Naomh Brígidh agus a mná riaghalta ag siubhal thar an áit seo fadó agus ní fhaca siad solas acht in aon teach amháin. Chuaidh siad isteach sa teach sin, ní raibh acht beirt istigh ann, fear agus a bhean, “Tabhair uisge dom le n-ól” arsa Naomh Brígidh; do thug an bhean an t-uisge di acht sul ar thug sí dí é, thug sí fe ndeara an crosóg a bhí timcheall muinéail Brígdhe. Chuir sí nimh ins an ndeoch ionnus go mbeadh sí in ann an crois a ghoid uaithi. Bhí beart luachra ar an úrlár agus phíoc Bríghid rib de agus sháith sí trí uaire ins an ndeoch é. Annsin d’ól sí an deoch ní dearna(continues on next page)- Collector
- Máire Ní h-Éalaigh
- Gender
- Female
- Address
- Pontoon, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Ghíobuin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Pontoon, Co. Mayo