School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 180
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin san seachtmhain a deineann mo mháthair cuigeann mar tá an geimhridh ro-fhuar dos na buaibh agus níl a shaith bainne aca. Ta cuinneóg againn sa mbaile agus is lé'n ár lámha a déinimíd an chuigeann. Tá cuinnéog ag gach duine beagnach timcheall na h-áite seo.
Nuair a bhíonn gach duine mo mháthir ag deanamh maistir cuireann sí uisge berbuighthe isteach san chuinneóig agus nigheann sí é. Annsin doirteann sé amach an t-uisge salach. annsin cuireann sí isteac an bainne reamar 'san gcuinneóig agus cuireann sí rud ar a tugtar luithne isteac san gcuinneóig annsin an clúdhach agus an claíbín.
Sul a thosnuigheann sí deíneann sí comhartha na croise uirthi feín is ós cionn na cuiginne ionnus go mbhéidh ráth ar an im, agus ní leigeann sí aon rud amach an fhaid is a bíonn sí ag deanamh maistreadh. Nuair a thagann an t-im ar bhárr an bainne bhíonn an cuigeann deánta. Agus tógann sí amach na h-úirlisí. Nuair a bhíonn sí ag tógaíl amach an leithne déineann sí comhartha na croise leis ós cionn na cuiginne agus cuireann sí timcheall na cuinneóige trí uaire é.
Nuair a bhionn sí ag tógáil amach an ime nigheann sí a lámha le uisge berbuighthe agus tógann sí amach an tim. Cuireann sí isteach í baísin uisge é cun an(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Éil
- Gender
- Female
- Address
- Largan, Co. Mayo
- Informant
- Cáit Bean Mic Éil
- Relation
- Parent
- Gender
- Female