School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 89
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin agus chonnaic sé rud ag soillsuighadh mar gaethe gréine. Ceárd dhó bhí ann acht ór . Bhí an rud seo sgríobhtha ar an ór beir é seo abhaile leat más mian leat' Thug an fear abhaile leis.
Aon lá amháin bhí Brígidh Thomáis Mhóir a bhí in comhnuide i Largain . Bhí sí ag tabhairt aire des na buaibh thuas ar bhárr an chnuic . Bhí sí na suidhe ar chloich. Dhearc sí timcheall uirthi chonnaic sí ór. Do phioc sí suas cuid den ór agus thug si abhaile e . Chuir si an t-ór go dtí Baile Átha Clíatha chun airgead a dhéannamh leis . Chuaidh sí go dtí áit a bhfuair sí an tór acht ní raibh aon ór le fághail. - Tá áit in-aice mo thighe ar a dtugear "botháinín" mar fadó do bhíodh na sídhéoga in-a gcomhnuidhe ann. Maidin amháin bhí Micheál Ó Coinnigh, beannacht Dé le'n a anam, ag tiomáint a chapaill go dtí an páirc agus connaic sé na sídheóga ag nigheadh a gcuid airgid. Rinne sé carracht Bhreith orta act chuadhar as radarc.
Lá amhain bhí bean ag dul go dhtí Caisleán a bharraigh. Connaic sí sgata mr lachan feadhaíne in-aice(continues on next page)- Collector
- Máire Nich Éil
- Gender
- Female
- Address
- Largan, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Mach Éil
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Largan, Co. Mayo